Skip to main content

Cad é an tArdán Malartaithe Sonraí?

Future EV car electric plug and battery charger blue abstract digital binary code background

Chun tacú le sprioc an Rialacháin maidir le Breoslaí Malartacha (Rialachán (AE) 2023/1804) chun sonraí ardchaighdeáin, fíor-ama a bhaineann le bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha a roinnt, tá Ardán Malartaithe Sonraí (DXP) forbartha ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) chun sonraí statacha agus dinimiciúla a sholáthar ó gach Oibreoir Pointe Athluchtaithe (CPOnna) tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta (NAP). Chun tuilleadh faisnéise a fháil téigh chuig ár gCeisteanna Coitianta.

 

Conas Clárú ar DXP

TTá sonraí sa phróiseas thíos faoi conas is féidir le CPOnna clárú le DXP.

  1. Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm chlárúcháin DXP. Is féidir foirm chlárúcháin a fháil anseo nó is féidir í a iarraidh ó Oifig Sonraí BIÉ trí ríomhphost a sheoladh chuig AFIRdata@tii.ie.
  2. Seol foirm chlárúcháin DXP chuig Oifig Sonraí BIÉ. Nuair a chomhlánófar í, seol an fhoirm chlárúcháin DXP chuig Oifig Sonraí BIÉ trí ríomhphost a sheoladh chuig AFIRdata@tii.ie.
  3. Nasc Comhéadain Pointe Luchtaithe Oscailte a Bhunú. Ní mór do CPOnna nasc Comhéadain Pointe Luchtaithe Oscailte (OCPI 2.2.1) a bhunú.
  4. Tástáil agus Dearbhú OCPI. Comhoibreoidh Oifig Sonraí BIÉ le gach CPO chun tástáil agus dearbhú a dhéanamh go gcomhlíonann a nasc sonraí ceanglais nasc OCPI 2.2.1.
  5. Beifear in ann DXP a aimsiú ar Phointe Rochtana Náisiúnta na hÉireann