Skip to main content

Clár Píolótach na nÚdarás Áitiúil um Luchtú Feithiclí Leictreacha

Tá Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann ag tacú le 26 tionscadal píolótach de chuid údarás áitiúil um luchtú feithiclí leictreacha ar fud na hÉireann chun dlús a chur le soláthar bonneagair luchtaithe i gcomharsanachtaí agus ag cinn scríbe.

An overhead image of the newly open EV recharging station in Roscommon

Cad é an clár?

Tugann an clár píolótach deis d’údaráis áitiúla réitigh nuálacha luchtaithe a thástáil i bhfíorthimpeallachtaí, agus léargais luachmhara á mbailiú acu a chuideoidh le bonneagar luchtaithe poiblí a chur i bhfeidhm ar fud na tíre amach anseo.

Tá an clár ina chuid de chur chun feidhme an Phlean Réigiúnaigh agus Áitiúil um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha agus tacaíonn sé le húdaráis áitiúla agus iad ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm straitéisí luchtaithe feithiclí leictreacha atá curtha in oiriúint do riachtanais a bpobal.

 

Cén fáth a bhfuil gá le tionscadail phíolótacha?

Bíonn dúshláin éagsúla roimh phobail éagsúla maidir le luchtú feithiclí leictreacha.

Cuireann na tionscadail phíolótacha ar chumas údarás áitiúil raon cur chuige a thástáil sula gcuirtear i bhfeidhm ar bhonn níos leithne iad, rud a chabhraíonn lena shainaithint cé na réitigh is fearr a oibríonn i suíomhanna agus i ndálaí éagsúla.

Cuideoidh an clár le bonn eolais a chur faoi chinntí infheistíochta amach anseo agus tacóidh sé le líonra luchtaithe poiblí atá iontaofa, inrochtana agus dírithe ar úsáideoirí a fhorbairt.

 

Cad iad na cineálacha tionscadal atá á dtriail?

Áirítear raon réiteach luchtaithe sna tionscadail phíolótacha, lena n-áirítear:

  • Luchtú i gcomharsanachtaí do chónaitheoirí nach bhfuil teacht acu ar luchtú sa bhaile
  • Luchtú ag cinn scríbe in áiseanna poiblí agus pobail
  • Réitigh luchtaithe ina bhfuil fuinneamh in-athnuaite comhtháite
  • Teicneolaíochtaí luchtaithe a bhfuil tacaíocht ceallraí acu
  • Samhlacha nuálacha soláthair agus oibríochta
  • Réitigh luchtaithe atá dírithe ar inrochtaineacht

 

Láithreacha na dTionscadal Píolótach

  • Ceatharlach
  • An Cabhán
  • An Clár
  • Corcaigh
  • Dún na nGall
  • Cathair na Gaillimhe
  • Ciarraí
  • Liatroim
  • Maigh Eo
  • An Mhí
  • Muineachán
  • Uíbh Fhailí
  • Ros Comáin
  • Tiobraid Árann
  • Loch Garman

 

Tionscadail Phíolótacha a Cuireadh i gCrích 

Comhairle Cathrach na Gaillimhe – Mol Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Taoibh Thiar

Cuireadh Mol Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Taoibh Thiar i gcrích i mí an Mheithimh 2025. Is é an chéad mhol luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha in Éirinn atá faoi thiomáint ag fuinneamh gréine é, agus tá stóráil ceallraí agus cúltaca ón eangach ag gabháil leis.

Comhcheanglaítear sa tionscadal giniúint fuinnimh in-athnuaite, stóráil ceallraí agus bonneagar luchtaithe poiblí ag láthair phobail, agus tugann sé léargas luachmhar ar an gcaoi ar féidir le réitigh fuinnimh áitiúla freastal ar an éileamh ar luchtú feithiclí leictreacha.

Tuilleadh Eolais: Mol Leictrea-Shoghluaisteachta an Taoibh Thiar faoi Thiomáint ag Fuinneamh In-athnuaite | Comhairle Cathrach na Gaillimhe

 

Comhairle Contae Ros Comáin – Mol Luchtaithe Inrochtana d’Fheithiclí Leictreacha

Cuireadh Mol Luchtaithe Feithiclí Leictreacha Ros Comáin i gcrích i mí an Mheithimh 2026, agus léiríonn sé an chaoi ar féidir bonneagar luchtaithe poiblí a dhearadh agus an inrochtaineacht ina croílár.

Forbraíodh an tionscadal i gcomhréir le Treoirlínte ZEVI um Dhearadh Uilíoch agus cuideoidh sé le bonn eolais a chur faoi chuir chuige amach anseo maidir le bonneagar luchtaithe cuimsitheach ar fud na hÉireann.

Tuilleadh Eolais: Mol nuálach nua luchtaithe feithiclí leictreacha nochta | Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann

 

Na Chéad Chéimeanna Eile

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar na tionscadail phíolótacha seo, mar aon leis na tionscadail eile atá beartaithe, de réir mar a chuirfear i gcrích iad. 

Cuideoidh na ceachtanna a fhoghlaimeofar le bonn eolais a chur faoi thionscadail bonneagair luchtaithe na n-údarás áitiúil amach anseo agus tacóidh siad le cur chun feidhme leanúnach phleananna na hÉireann maidir le líonraí luchtaithe feithiclí leictreacha.

Pilots Delivered 

Galway City Council – Westside EV Charging Hub

Delivered in June 2025, the Westside EV Charging Hub is Ireland’s first solar powered public EV charging hub with battery storage and grid back up.

The project combines renewable energy generation, battery storage and public charging infrastructure at a community location, providing valuable insight into how local energy solutions can support EV charging demand.

Learn More: Westside Renewable Energy-Powered eMobility Hub | Galway City Council

An overhead image of the Local Authority Pilot Project and EV recharging station in Galway

Roscommon County Council – Accessible EV Charging Hub

Delivered in June 2026, the Roscommon EV Charging Hub demonstrates how public charging infrastructure can be designed with accessibility at its core.

The project has been developed in line with ZEVI’s Universal Design Guidelines and will help inform future approaches to inclusive charging infrastructure across Ireland.

Learn More: Innovative new electric vehicle charging hub unveiled | Zero Emission Vehicles Ireland

A photocall with Minister Sean Canney at the opening of the new EV recharging station in Roscommon

Next Steps

These pilots along with the other projects planned will be monitored and evaluated as they are delivered. 

The lessons learned will help inform future local authority charging infrastructure projects and support het continued implementation of Ireland EV charging network plans.