Skip to main content
15.06.26

Mol nuálach nua luchtaithe feithiclí leictreacha curtha i láthair i Ros Comáin

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Iompair ar a bhfuil freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus de Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney T.D., mol nua luchtaithe feithiclí leictreacha, atá lonnaithe in Áras an Chontae, Ros Comáin, i láthair go hoifigiúil níos luaithe inniu (Dé Luain, 15 Meitheamh).

A photocall with Minister Sean Canney at the opening of the new EV recharging station in Roscommon

Is scéim phíolótach í an tsaoráid nua seo, atá maoinithe ag Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) agus ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), lena léirítear samhail soláthair ‘taobh thiar den mhéadar’. Is é €200,000 costas iomlán an tionscadail. 

Dearadh an réiteach nuálach seo go cúramach agus éifeachtúlacht costais, acmhainn na heangaí agus an tionchar ar an gcomhshaol á gcur san áireamh. Freastalóidh an mol nua ar réimse leathan riachtanas úsáideoirí freisin, agus cuirfear roghanna luchtaithe ag ceann scríbe, sa chomharsanacht, ar an mbealach agus san ionad oibre ar fáil in aon láthair amháin trí mheascán de luchtairí srutha ailtéarnaigh agus srutha dhírigh.  Mar chuid den chlár píolótach, féadfaidh cónaitheoirí áitiúla nach bhfuil cabhsa ná páirceáil lasmuigh den tsráid acu leas a bhaint as ráta laghdaithe luchtaithe srutha ailtéarnaigh thar oíche dá gcarranna.

Dearadh an mol de réir Threoirlínte ZEVI um Dhearadh Uilíoch, lena gcinntítear go mbeidh na luchtairí lán-inrochtana do gach úsáideoir. Soláthraítear cumhacht don mhol luchtaithe taobh thiar de mhéadar fhoirgneamh Áras an Chontae, rud a fhágann nach gá nasc mór leis an eangach a chur ar fáil.

Tá an tionscadal seo ar cheann de roinnt tionscadail phíolótacha luchtaithe feithiclí leictreacha a bhfuil BIÉ agus ZEVI ag tacú leo agus atá deartha sa chaoi gur féidir iad a mhéadú agus a mhacasamhlú go héasca ar fud na tíre. Tacóidh sé le tionscnaimh náisiúnta eile faoi stiúir ZEVI, lena n-áirítear Scéim Clubanna Spóirt an Oileáin Chomhroinnte agus scéimeanna do bhóithre náisiúnta agus do mhótarbhealaí.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Ros Comáin, an Comhairleoir Liam Callaghan, gur forbairt an-dearfach d’úsáideoirí feithiclí leictreacha sa chontae a bhí san fhógra, agus dúirt sé: “Cuireann an tsaoráid seo áiseanna luchtaithe thapa agus chaighdeánaigh ar fáil don phobal agus do réimse leathan úsáideoirí i gceantar Bhaile Ros Comáin. 

“Cuirfidh an mol feithiclí leictreacha ráta laghdaithe luchtaithe ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí go háitiúil agus nach bhfuil áiseanna luchtaithe ina gcomharsanacht acu. Rachaidh an mol chun tairbhe d’úsáideoirí Eaglais an Chroí Rónaofa in aice láimhe, chomh maith leis an tsaoráid spóirt réigiúnach um Áineas Laistigh agus Spóirt Allamuigh (iROS) atá beartaithe, agus comhlánóidh sé an tionscadal feabhsúcháin ríochta poiblí atá ar bun sa cheantar seo’.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Ros Comáin, Shane Tiernan, go gcuideodh an tsaoráid le dul i ngleic leis an imní faoin raon i measc úsáideoirí feithiclí leictreacha, rud a spreagfadh tuilleadh daoine chun aistriú chuig feithiclí leictreacha.

“Léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh Cumann Thionscal Mótarfheithiclí na hÉireann le déanaí gurb iad feithiclí leictreacha an dara deighleog is mó de dhíolacháin carranna nua anois. Ba mhaith liom freisin Weev Charging Limited, oibreoir na bpointí luchtaithe, a mholadh as an tionscadal a chur i gcrích go rathúil, mar aon lena bhfochonraitheoir, M&M Contractors, as na hoibreacha a dhéanamh go gairmiúil agus gan ach an cur isteach is lú a dhéanamh.

“Táimid ag súil freisin le foilsiú Straitéis Luchtaithe Feithiclí Leictreacha Réigiún 2, lena gcuirfear creat cuimsitheach ar fáil chun bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a fhorbairt i gContae Ros Comáin,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach mar fhocal scoir.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney TD: “Is céim ríthábhachtach é leathnú ár líonra náisiúnta luchtaithe feithiclí leictreacha chun tacú leis an aistriú chuig iompar astaíochtaí nialasacha. Trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar luchtaithe agus i dtacaíochtaí spriocdhírithe, tá cur chuige cuimsitheach á ghlacadh againn chun dlús a chur le glacadh le feithiclí leictreacha. Táimid ag cinntiú go mbeidh rochtain ag tiománaithe ar fud ceantair uirbeacha agus thuaithe na hÉireann ar bhonneagar luchtaithe atá iontaofa, tapa agus áisiúil.

Is sampla láidir é tionscadal píolótach Údarás Áitiúil Ros Comáin den chaoi ar féidir linn réitigh nuálacha phobalbhunaithe luchtaithe a sholáthar i gceantair thuaithe, agus cuirfimid leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus an cur chuige á leathnú againn ar fud na tíre.”