Skip to main content
14.07.26

Líonra Náisiúnta Luchtaithe do Chách a Fhorbairt: Cur Chuige Réigiúnach agus Áitiúil

De réir mar a leanann glacadh le feithiclí leictreacha (FLanna) ag méadú, tá ceisteanna fós ann maidir le bonneagar poiblí, go háirithe i dtaca leis an imní go bhféadfaí codanna áirithe den tír a fhágáil ar gcúl.

Arial view of a national road

I gcás go leor tiománaithe, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí taobh amuigh de mhórchathracha, tá muinín as infhaighteacht an luchtaithe phoiblí fós ar cheann de na tosca is mó a théann i bhfeidhm ar an gcinneadh aistriú chuig feithicil leictreach. 

Tá ceisteanna faoi chumhdach réigiúnach, taisteal fad-achair agus luchtú sa chomharsanacht (go háirithe dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu ar pháirceáil phríobháideach) ina gcuid de phlé níos leithne ar an gcaoi ar féidir le hÉirinn líonra luchtaithe a fhorbairt a fhreastalaíonn ar chách.

Is é sin an dúshlán a bhfuil sé mar aidhm ag ár bPlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha dul i ngleic leis.

 

An fáth a bhfuil tábhacht le hinfheistíocht phoiblí

I mórán ceantar, go háirithe i lárionaid uirbeacha, tá oibreoirí tráchtála ag infheistiú cheana féin i mbonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha, ach níl gach láthair inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus glacadh le feithiclí leictreacha fós ag céim luath.

Gan infheistíocht phoiblí spriocdhírithe, tá baol ann go mbeidh forbairt an bhonneagair níos moille i bpobail áirithe agus go mbeidh rochtain níos teoranta acu ar luchtú poiblí.

Tá an Plean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha ceaptha chun cabhrú le dul i ngleic leis na bearnaí sin trí infheistíocht a dhíriú ar na háiteanna is mó ina bhfuil gá léi, lena chinntiú go bhforbrófar bonneagar luchtaithe ar bhealach níos cothroime agus níos córa ar fud na tíre. Ní chun líon iomlán na luchtairí a mhéadú amháin atá an sprioc, ach chun muinín a chothú go mbeidh rochtain ag daoine ar bhonneagar luchtaithe is cuma cá bhfuil cónaí orthu, tríd an luchtaire ceart a shuiteáil don fheidhm cheart san áit cheart chun freastal ar riachtanais úsáideoirí.

 

Is príomhchuspóir é cothromas rochtana

Tá cothromas rochtana ar cheann de cholúin lárnacha an phlean.

Ciallaíonn sé sin a aithint nach mór d’aistriú na hÉireann chuig feithiclí leictreacha freastal freisin ar dhaoine atá ina gcónaí in árasáin, i bpobail tuaithe, i mbailte comaitéireachta agus i gceantair réigiúnacha.

Tá ról tábhachtach ag luchtú poiblí, go háirithe do theaghlaigh nach bhfuil rochtain acu ar pháirceáil phríobháideach, do chónaitheoirí árasán, do thiománaithe tuaithe agus réigiúnacha a thaistealaíonn achair níos faide, agus do chuairteoirí agus turasóirí.

Tá sé mar aidhm ag an bPlean tacú le líonra atá inrochtana, praiticiúil agus scaipthe go geografach, ionas go mbeidh úinéireacht feithicle leictrí ina rogha inmharthana do níos mó saoránach ar fud na hÉireann.

 

Bonneagar Náisiúnta do Chách

Cé go leanfaidh cathracha de ról mór a imirt sa ghlacadh le feithiclí leictreacha, ní féidir an t-aistriú a dhíriú ar lárionaid uirbeacha amháin. Ní mór do líonra luchtaithe poiblí na hÉireann tacú le tiománaithe atá ag taisteal idir contaetha, geilleagair réigiúnacha a nascadh agus rochtain ar phobail ar fud na tíre a éascú.

Sin é an fáth a ndírítear go sonrach sa Phlean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha ar bhonneagar i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre, chomh maith le príomhionaid turasóireachta agus cinn scríbe do chuairteoirí.

Tá an Plean comhlántach leis an bPlean maidir le Líonra Náisiúnta Bóithre Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, a dhíríonn ar bhonneagar luchtaithe ardchumhachta a leathnú feadh mótarbhealaí, bealaí TEN-T agus bóithre náisiúnta.

Le chéile, is ionann na pleananna seo agus an Plean Náisiúnta um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha agus tá sé mar aidhm leo líonra luchtaithe níos comhtháite a chruthú lena dtacófar le luchtú laethúil agus le riachtanais taistil fad-achair araon.

 

Comhlánaíonn luchtú poiblí luchtú sa bhaile

Cé go dtugtar aird mhór ar luchtú poiblí, is tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é luchtú sa bhaile an príomh-mhodh fós (thart ar 80%) chun feithiclí leictreacha a luchtú in Éirinn. I gcás teaghlaigh a bhfuil rochtain acu ar pháirceáil lasmuigh den tsráid, is é luchtú sa bhaile thar oíche fós an rogha is áisiúla agus is costéifeachtaí i mórán cásanna.

Dá bhrí sin, tá sé i gceist go gcomhlánódh bonneagar poiblí an luchtú sa bhaile seachas teacht ina ionad.

Tá sé mar aidhm ag líonra poiblí láidir tacú le daoine agus iad ag taisteal achair fhada nó ag tabhairt cuairt ar chinn scríbe agus iad as baile nó gan rochtain ar luchtaire baile, tráth a bhféadfadh luchtú breise ar mhaithe le suaimhneas intinne a bheith de dhíth orthu. 

Tá sé mar aidhm ag an bPlean Réigiúnach agus Áitiúil réiteach luchtaithe a chur ar fáil atá ailínithe leis na gníomhaíochtaí eile atá ar bun i gcomhthráth. Le chéile, beidh luchtú sa bhaile agus luchtú poiblí mar chuid de líonra níos leithne chun tacú leis an méadú atá ag teacht ar líon na bhfeithiclí leictreacha ar ár mbóithre.

 

Céim Chun Cinn

Tá líonra luchtaithe feithiclí leictreacha na hÉireann fós á fhorbairt, agus tá dúshláin fós ann maidir le luas an chur i bhfeidhm, acmhainn na heangaí agus eispéireas an úsáideora.

Is céim thábhachtach é an Plean um Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha i dtreo bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a sholáthar ar bhealach pleanáilte, agus riachtanais úsáideoirí mar phríomhchúram ann agus íogaireachtaí tráchtála á gcur san áireamh ag an am céanna. De réir mar a leanann glacadh le feithiclí leictreacha ag méadú, beidh ról níos tábhachtaí de réir a chéile ag bonneagar poiblí maidir le muinín a chothú agus áisiúlacht agus inrochtaineacht a fheabhsú, chun tacú le haistriú na hÉireann chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha.