Todhchaí Feithiclí Leictreacha na hÉireann a Thógáil: Luchtú FL le Sonraí Níos Fearr
Baineann níos mó le turas FL a phleanáil sa lá atá inniu ann ná pointe luchtaithe a aimsiú.
Níos mó agus níos mó, teastaíonn ó thiománaithe a fháil amach an bhfuil luchtaire ar fáil, a chumhachtaí is atá sé, an bhfuil sé insroichte, an costas a bhaineann lena úsáid agus an féidir leo íoc go héasca go fiú sula bhfágann siad an teach.
Laistiar den eispéireas seo, tá sonraí.
Tá faisnéis chruinn, iontaofa agus fíorama ag éirí chomh tábhachtach céanna don líonra athluchtaithe FL is atá an bonneagar fisiciúil féin.
Dé réir mar a leanann líonra athluchtaithe FL na hÉireann de bheith ag fás, tá an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go roinntear faisnéis go comhsheasmhach idir oibreoirí pointí luchtaithe, soláthróirí agus ardáin ag éirí níos tábhachtaí ná mar a bhí.
Sin an chúis a bhfuil an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha curtha ar bun ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) chun an bunchloch dhigiteach a leagan síos a thacóidh leis an gcéad ghlúin eile de sheirbhísí athluchtaithe FL.
An chúis a bhfuil tábhacht le sonraí athluchtaithe
Nuair a thagann tiománaithe chomh fada le stáisiún athluchtaithe, is minice anois iad ag súil lena fháil amach roimh ré an mbeidh luchtaire ar fáil, na cineálacha nascóirí atá ar fáil, a chumhachtaí is atá an luchtaire, na roghanna íocaíochta a nglactar leo agus cibé acu is suíomh inrochtana é nó nach ea.
Lena leithéid d’fhaisnéis a sholáthar ar bhonn comhleanúnach ar fud na hÉireann, éilítear caighdeáin chomónta maidir le conas a bhailítear, a bhainistítear agus a roinntear sonraí athluchtaithe.
Bunaíodh an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha chun a leithéid a chur i gcrích trí thacú le bailiú agus le malartú sonraí bonneagair athluchtaithe atá ar aon dul le caighdeáin Eorpacha.
Mar aon le bheith ag tacú leis an malartú sonraí, cuidíonn an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha freisin chun caighdeán na sonraí a fheabhsú, rud a chinntíonn go mbíonn eolas luchtaithe cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach ann ar fud na hearnála.
Cuideoidh sé seo lena chinntiú go mbeidh faisnéis maidir le líonra poiblí na hÉireann níos cruinne, níos insroichte agus níos fusa a úsáid ag tiománaithe agus soláthróirí seirbhíse digiteacha.
Tacaíonn an obair freisin le hoibleagáidí na hÉireann faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha an Aontais Eorpaigh (AFIR), lena n-éilítear ar Bhallstáit sonraí luchtaithe FL a chur ar fáil ar bhealach atá caighdeánach agus inrochtana.
Na córais laistiar den líonra a thógáil
Ar phríomhdhualgais na Oifige Sonraí ná Ardán Malartaithe Sonraí (DXP) nua na hÉireann a sheachadadh.
Soláthróidh an DXP bealach slán, caighdeánaithe d’Oibreoirí Pointe Luchtaithe (CPOanna) chun faisnéis faoi bhonneagar athluchtaithe atá insroichte go poiblí a roinnt, ag úsáid chaighdeán an Chomhéadain Pointe Oscailte Luchtaithe (CPO), atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
Tacaíonn an t-ardán le bainistiú agus roinnt sonraí a bhaineann leis na mílte pointe luchtaithe poiblí ar fud na hÉireann, rud a chuidíonn chun pictiúr níos iomlánaí agus níos seasta a chruthú den líonra athluchtaithe náisiúnta.
Leis an ardán faisnéise, beidh sonraí le feiceáil agus beifear in ann iad a roinnt le Pointe Rochtana Náisiúnta na hÉireann, chun tacú le rochtain oscailte ar fhaisnéis de réir mar a éilítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha.
Cé nach mbeidh teagmháil dhíreach ag formhór na dtiománaithe leis an ardán riamh, bainfidh siad leas as na seirbhísí digiteacha feabhsaithe a chumasaíonn sé, idir léarscáileanna luchtaithe agus córais loingseoireachta níos cruinne go pleanáil turais níos fearr agus faisnéis níos iontaofa faoi shuíomhanna luchtaithe, cibé acu a dhéantar rochtain orthu trí chórais loingseoireachta feithiclí, aipeanna ar ghutháin nó seirbhísí digiteacha eile.
Tacú le héiceachóras luchtaithe idir-inoibritheach
I dteannta an Ardáin Malartaithe Sonraí (DXP), tá freagracht ar an Oifig Sonraí Breoslaí Malartacha maidir le hEagraíocht Cláraithe Sainaitheantais na hÉireann (IDRO) a oibriú.
Faoi AFIR, is gá do gach Oibreoir Pointe Athluchtaithe (CPO) agus Soláthraí Seirbhíse Leictrea-Shoghluaisteachta (eMSP) cód aitheantóra uathúil a bheith aige chun tacú le hidir-inoibritheacht ar fud éiceachóras luchtaithe na hEorpa. Mar IDRO tiomnaithe na hÉireann, eisíonn agus bainistíonn BIÉ na haitheantóirí seo, ag cinntiú gur féidir le pointí luchtaithe idirghníomhú go comhsheasmhach agus go héifeachtach le rannpháirtithe margaidh eile ar fud na hEorpa.
Cé go dtarlaíonn an obair seo sa chúlra, tá sé mar bhonn agus mar thaca chun líonra athluchtaithe nasctha a chruthú inar féidir le hoibreoirí, soláthraithe seirbhíse agus ardáin dhigiteacha éagsúla obair le chéile go héasca.
Éire a ullmhú don chéad chéim eile de shoghluaisteacht leictreach
Léiríonn bunú na Oifige Sonraí Breoslaí Malartacha cloch mhíle thábhachtach in éabhlóid líonra athluchtaithe FL na hÉireann.
De réir mar a leathnaíonn bonneagar athluchtaithe ar fud na tíre, is gá go dtiocfadh athrú ar na córais a thacaíonn leis freisin. Cuideoidh sonraí iontaofa, oscailte agus caighdeánaithe chun an t-eispéireas luchtaithe a fheabhsú do thiománaithe, tacóidh siad le nuálaíocht ag soláthraithe seirbhísí digiteacha, agus cumasóidh siad lucht déanta beartas chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil an líonra ag fás, tacóidh siad le pleanáil bonneagair fianaisebhunaithe agus sainaithneoidh na háiteanna inaa bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta.
I dteannta rolladh amach an bhonneagair athluchtaithe agus cur i bhfeidhm na gcaighdeán Eorpach nua, tá obair na hOifige Sonraí ag cuidiú chun an bhunchloch dhigiteach a leagan síos le haghaidh líonra luchtaithe níos cliste, níos nasctha agus níos dírithe ar úsáideoirí d’Éirinn.
Tuilleadh eolais
Is féidir le comhlachtaí atá páirteach in éiceachóras luchtaithe FL na hÉireann treoir a aimsiú maidir le clárú mar Oibreoir Pointe Athluchtaithe nó Soláthraí Seirbhíse Leictrea-Soghluaisteachta, nascadh leis an Ardán Malartaithe Sonraí agus riachtanais sonraí AFIR a thuiscint trí acmhainní na hOifige Sonraí Breoslaí Malartacha https://www.zevi.ie/ga/oifig-sonrai-breoslai-malartacha