Skip to main content
03.08.26

Dícharbónú an Iompair Lastais: Tacú le hAistear na hÉireann i dTreo na Neodrachta Carbóin

Coinníonn feithiclí tromshaothair Éire ag gluaiseacht. Iompraíonn siad bia chuig ollmhargaí, ábhair chuig láithreáin, beartáin chuig tithe agus earraí chuig gnólachtaí ar fud na tíre.

image of an electric heavy duty vehicle charging

Cé nach ionann iad agus ach céatadán measartha beag de na feithiclí ar bhóithre na hÉireann, is cuid shuntasach d’astaíochtaí iompair is cúis leo, rud a fhágann gur cuid ríthábhachtach d’aistear na hÉireann i dtreo na neodrachta carbóin é dícharbónú an iompair lastais.

De réir mar a leanann teicneolaíocht na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha ag aibiú, tá níos mó oibreoirí ag fiosrú conas a d’fhéadfaí trucailí agus busanna leictreacha a chomhtháthú ina gcabhlaigh.

Mar sin féin, tá dúshláin ann fós, lena n-áirítear costais tosaigh níos airde agus an gá atá le bonneagar luchtaithe tiomnaithe, rud a d’fhéadfadh bacainní a chruthú ar ghlacadh na bhfeithiclí sin.

Chun cabhrú leis sin, tugadh isteach an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach (ZEHDV) chun tacaíocht airgeadais spriocdhírithe a chur ar fáil do ghnólachtaí atá ag infheistiú i bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha. Níos luaithe i mbliana, leathnaíodh an scéim chun solúbthacht níos mó fós a chur ar fáil d'oibreoirí cabhlaigh trí thacú le hinfheistíocht i mbonneagar luchtaithe i dteannta ceannach feithiclí, d'fhonn aistriú rathúil a éascú.

 

Tacú leis an aistriú ó dhíosal go hiompar lastais astaíochtaí nialasacha

Tá An Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach (ZEHDV) ceaptha chun an difríocht costais idir feithiclí tromshaothair traidisiúnta díosail agus a roghanna astaíochtaí nialasacha a laghdú. Tacaíonn an deontas le feithiclí tromshaothair leictreacha cadhnra, feithiclí tromshaothair cille breosla hidrigine agus feithiclí tromshaothair hibrideacha breiseán incháilithe, rud a chabhraíonn le gnólachtaí an bhacainn airgeadais ar infheistiú i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a laghdú.

Aithnítear sa scéim freisin go mbeidh cuma éagsúil ar an aistriú i gcás gach oibreora. Cibé acu feithiclí dáileacháin réigiúnaigh, cabhlaigh uirbeacha nó seirbhísí lastais cianaistir atá á n-oibriú acu, is féidir le gnólachtaí tosú inniu ar fheithiclí oiriúnacha a chur ina n-ionad agus iad ag ullmhú do leictriú níos leithne a gcabhlach amach anseo.

 

Tá bonneagar luchtaithe mar chuid den réiteach

Ceann de na forbairtí ba thábhachtaí faoin scéim ba ea tacaíocht do bhonneagar luchtaithe feithiclí tromshaothair a chur san áireamh.

Murab ionann agus feithiclí paisinéirí, is minic a bhíonn luchtú iosta, luchtú lóistíochta nó luchtú ardacmhainne ag teastáil le haghaidh feithiclí tromshaothair ag áitribh thráchtála. Tríd an tacaíocht a leathnú níos faide ná an fheithicil féin, cuireann an scéim leathnaithe ar chumas gnólachtaí pleanáil a dhéanamh ar sholáthar feithiclí agus ar bhonneagar luchtaithe ag an am céanna.

Rud atá tábhachtach, is féidir le gnólachtaí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht do bhonneagar luchtaithe fiú mura bhfuil feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha ceannaithe acu fós faoin scéim, rud a chuireann ar a gcumas a láithreáin a ullmhú roimh infheistíocht amach anseo ina gcabhlaigh.

Léiríonn an cur chuige comhtháite seo go mbraitheann leictriú rathúil cabhlach ar níos mó ná feithiclí a athsholáthar, teastaíonn pleanáil chúramach maidir le soláthar fuinnimh, oibríochtaí luchtaithe agus bonneagar iosta freisin.

 

Tacú le gnólachtaí pleanáil le muinín

Infheistíocht shuntasach is ea cabhlach tromshaothair a aistriú, agus bíonn riachtanais éagsúla ag gach gnólacht. Bíonn tionchar ag riachtanais maidir le raon feithicle, an míleáiste laethúil, ualaí pálasta, tréimhsí luchtaithe agus acmhainn iosta ar fad ar an gconair is oiriúnaí chun leictriú a bhaint amach, mar a leagtar amach sa tuarascáil HDV Electrification Pathway Report a foilsíodh le déanaí.

Chomh maith leis na Scéimeanna ZEHDV, is féidir le gnólachtaí leas a bhaint freisin as an Deontas Measúnaithe Cabhlaigh Feithiclí Leictreacha (EV), lena gcuirtear sainchomhairle neamhspleách ar fáil chun cabhrú le heagraíochtaí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfaí feithiclí astaíochtaí nialasacha a oibriú laistigh dá gcabhlaigh, conairí oiriúnacha don leictriú a shainaithint, agus straitéis luchtaithe a fhorbairt atá oiriúnaithe dá riachtanais oibríochtúla.

Le chéile, is féidir leis na tacaíochtaí seo cabhrú le gnólachtaí cinntí eolasacha a dhéanamh agus, ag an am céanna, an éiginnteacht airgeadais agus oibríochtúil a laghdú. 

 

Dícharbónú an lastais

Síneann aistriú na hÉireann chuig iompar astaíochtaí nialasacha níos faide ná gluaisteáin paisinéirí. Chun uaillmhianta náisiúnta maidir leis an aeráid a bhaint amach, ní mór do gach cuid den chóras iompair forbairt, lena n-áirítear na feithiclí tráchtála a choinníonn ár ngeilleagar ag gluaiseacht.

Trí thacú le ceannach feithiclí agus leis an mbonneagar is gá chun iad a oibriú, tá na Scéimeanna Deontais ZEHDV agus na Scéimeanna Bonneagair ag cuidiú le gnólachtaí tabhairt faoin aistriú sin le muinín. De réir mar a leanann teicneolaíocht na bhfeithiclí ag dul chun cinn agus bonneagar luchtaithe ag leathnú, beidh ról tábhachtach ag na tacaíochtaí seo maidir le hearnáil iompair lastais níos glaine, níos athléimní agus níos inbhuanaithe a chruthú.

 

Tuilleadh eolais

Is féidir le gnólachtaí ar spéis leo an t-aistriú a dhéanamh tuilleadh eolais a fháil faoi na Scéimeanna Deontais d'Fheithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta, na leibhéil deontais agus treoir maidir leis an bpróiseas iarratais, ag: