Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht Straitéis Náisiúnta maidir le Bonneagar Luchtú le haghaidh Feithiclí Leictreacha 2026-2028
Tá Dréacht Straitéis Náisiúnta ullmhaithe ag an Roinn Iompair maidir le Bonneagar Luchtú le haghaidh Feithiclí Leictreacha 2026-2028 (an Straitéis) ina leagtar amach an chonair náisiúnta chun bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha na hÉireann a sholáthar go leanúnach.
Leagtar amach sa Straitéis seo cur chuige atá pleanáilte agus céimnithe maidir le líonra luchtaithe náisiúnta cuimsitheach a sholáthar go dtí 2030, ina bhfuil gníomhaíochtaí mionsonraithe dírithe ar an tréimhse ó seo go dtí 2028. Léirítear ann riachtanais an Rialacháin maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, an reachtaíocht náisiúnta maidir leis an aeráid, chomh maith leis an gá atá le soláthar céimneach atá cothrom agus dírithe ar an úsáideoir. Tacaíonn an Straitéis freisin le forbairt leanúnach ar threoir, ar chaighdeán agus reachtaíocht cumasúcháin, lena n-áirítear prionsabail deartha uilíocha, cumais luchtaithe chliste agus creat sreang príobháideach a thabhairt isteach.
I gcomhréir le ceanglais I.R. Uimh. 435 de 2004 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Chomhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) 2004, arna leasú le I.R. Uimh. 463 de 2025 (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Chomhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe) (Leasú) 2025), tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) á déanamh i leith na Dréacht Straitéise, agus ullmhaíodh Tuarascáil Timpeallachta MSC freisin.
Ina theannta sin, mar atá leagtha síos in Airteagail 6(3) agus 6(4) den Treoir maidir le Gnáthóga, rinneadh Scagadh le haghaidh Measúnú Iomchuí, agus rinneadh scagadh ar an bplean sin.
Tugann an Roinn Iompair cuireadh anois d'aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh faoin Dréacht-Straitéis, nó faoin cháipéisíocht ábhartha um measúnú comhshaoil.
Cuirfear cóip ar fáil den dréacht-Straitéis, Tuarascáil Timpeallachta MST (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), agus Scagadh le haghaidh Measúnú Cuí AA ag: An Roinn Iompair, Lána Líosain, Baile Átha Cliath 2
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ar líne ag: https://www.gov.ie/en/department-of-transport/consultations/draft-national-ev-charging-infrastructure-strategy-2026-2028/
nó trí ríomhphost chuig; zeviconsultations@transport.gov.ie.
Tógfar san áireamh na tuairimí a gheofar sula dtabharfar an dréacht-Straitéis chun críche.
Is é Dé hAoine 24 Aibreán 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.
Tabhair faoi deara nach gcuirfear aighneachtaí atá mall san áireamh.
Submissions
Any interested parties interested in making submissions or observations about the Draft Strategy, including the relevant environmental assessment documentation are now welcome.
A copy of the draft Strategy, SEA Environmental Report, and AA Screening may be viewed at: Department of Transport, Leeson Lane, Dublin 2.
Submissions or observations may be made online at: https://www.gov.ie/en/consultations/
or by e-mail to; zeviconsultations@transport.gov.ie
Comments received will be taken into consideration before the finalisation of the draft Strategy.
The final date for receipt of submissions is Friday 24 April 2026.
Please note late submissions will not be considered.