Skip to main content
03.03.26

Deontais HDV astaíochtaí nialasacha á leathnú ag an Rialtas chun borradh mór a chur faoin earnáil lóistíochta in Éirinn

Tá sé beartaithe go mbainfidh gnólachtaí na hÉireann tairbhe as tacaíocht mhéadaithe ón Rialtas chun costais a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú chuig iompar atá saor ó astaíochtaí.

image of an electric heavy duty vehicle charging

Fágfaidh athruithe ar an scéim deontais um Fheithiclí Astaíochtaí Nialasacha Tromshaothair (ZEHDV) go mbeidh sé níos éasca agus níos furasta do chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh i dtrucailí agus i mbusanna leictreacha, agus beidh deontais suas le €500,000 in aghaidh na bliana ar fáil anois.

Ag labhairt dó ag ócáid grúpa oibre tionscail, rinne Seán Canney TD, an t-Aire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, cur síos ar bhearta nua chun tacú le cabhlach a leathnú, lena n-áirítear maoiniú atá ar mhúnla rollach, rud a chabhróidh le cuideachtaí pleanáil agus infheistíocht a dhéanamh le cinnteacht níos fearr.

 

Is tosaíocht náisiúnta é an t-iompar a dhícharbónú ach is mórdheis tráchtála é seo  freisin” a dúirt an tAire. “Bainfidh na hathruithe seo cuid de na bacainní a bhaineann le costas agus éiginnteacht agus tabharfaidh siad muinín do ghnólachtaí a gcabhlach a aistriú ar bhealach atá ag teacht lena riachtanais oibríochtúla agus lena bpleananna fáis”.

An tAire Stáit, Seán Canney

 

Leis an scéim nuashonraithe, is féidir le gnólachtaí an infheistíocht a dhéanamh de réir a chéile, seachas a bheith ag brath ar dheis chistiúcháin aonuaire, rud a chabhróidh le cuideachtaí sreabhadh airgid a bhainistiú faid is atá siad ag nuachóiriú a gcabhlach.

Chomh maith leis an tacaíocht chun feithiclí a cheannach, tá deontais suas le €300,000 ar fáil do ghnólachtaí faoin Scéim Deontais um Bonneagar Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV-I) chun bonneagar iosta luchtaithe a thógáil agus chun cur le moil luchtaithe lóistíochta agus suíomhanna uirbeacha.          

Tá an Rialtas ag tacú freisin le gnólachtaí ag céim na pleanála tríd an Deontas Measúnaithe Flít EV, a thairgeann sainmheasúnú lánmhaoinithe chun cabhrú le cuideachtaí tuiscint a fháil ar conas is féidir le feithiclí leictreacha oibriú laistigh dá bhflíteanna reatha. Cumhdaíonn na measúnuithe na bealaí taistil, oiriúnacht feithiclí, riachtanais luchtaithe agus costas iomlán úinéireachta, rud a sholáthróidh treochlár soiléir maidir le leictriú.

 

Tá éileamh na gcustaiméirí maidir le hinbhuanaitheacht ag méadú de bharr méadaithe atá ag teacht ar chostas breosla, ar shrianta ar astaíochtaí agus ar rialacháin, agus mar thoradh air seo, is léir gur cinneadh gnó straitéiseach é an t-aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Tá tacaíocht rialtais ann chun cabhrú le gnólachtaí na hÉireann astaíochtaí a laghdú, costais oibriúcháin fhadtéarmacha a laghdú agus fanacht chun tosaigh ar athrú rialála’.

An tAire Stáit, Seán Canney

 

Bhí an tAire ag labhairt ag an Meitheal um Chonair Leictrithe HDV, a bhunaigh Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha na hÉireann (ZEVI) chun tacú le leictriú an fhlít tromshaothair in Éirinn.

Déantar ionadaíocht sa Grúpa ar gach cuid den earnáil, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar agus lóistíochta, oibreoirí pointí luchtaithe, déantúsóirí feithiclí agus ionadaithe tionscail mótair chomh maith le lucht acadúil agus oifigigh bheartais phoiblí.