Skip to main content
03.02.26

Margadh Gluaisteán na hÉireann in 2026 agus an Borrradh EV i mí Eanáir

Tá an stríoc ghlas lena sainaithnítear feithiclí astaíochtaí nialasacha ag éirí níos coitianta agus cé go bhfuil figiúirí clárúcháin mhí Eanáir cúpla seachtain taobh thiar dínn anois, is léir go bhfuil na figiúirí seo tábhacht maidir leis  an mbliain iomlán atá amach romhainn.

image of driver recharging

Tús Láidir d'Fheithiclí Leictreacha

Léiríodh sna chéad sonraí clárúcháin in 2026 go raibh feithiclí ceallra-leictreacha (BEVanna) ag sárú múnlaí peitril sa mhí, cloch mhíle shuntasach in éabhlóid mhargadh gluaisteán na hÉireann.

I mí Eanáir léiríonn figiúirí ó Chumann Thionscal Mótar na hÉireann:

  • Gur cláraíodh 7,319 feithicil cheallra-leictreach, i gcomparáid le 4,923 feithicil cheallra-leictreach i mí Eanáir na bliana seo caite
  • Is é sin an méid feithiclí ceallra-leictreacha is airde sa mhí  go dtí seo
  • Bhí níos mó ná carr amháin as gach cúig charr nua cláraithe ina charr ceallra-leictreacha
  • Ba cheannaitheoirí príobháideacha iad i gcás 75% de cheannacháin feithiclí ceallra-leictreacha, méadú 11 % bliain ar bhliain

Seachas spíce aonuaire, is cosúil go léiríonn na figiúirí seo méadú leanúnach a thosaigh ag fás le linn 2025.

 

Ag tógáil ar Bhliain Shuntasach

Chas an taoille anuraidh nuair a díoladh níos mó feithiclí leictreacha ceallraí gluaisteáin ná díosail don chéad uair, de réir cláraithe oifigiúla nua na bliana.

Tugann figiúrí mhí Eanáir le fios nach bhfuil an t-iompú seo ag maolú, ach ag luasghéarú.

Tá na nithe seo a leanas ag tacú leis an méadú seasta ar ghlacadh le feithiclí leictreacha:

  • Réimse múnlaí níos leithne ar fáil go forleathan
  • Raon pointí praghais atá ag dul i méid
  • Dreasachtaí leanúnacha rialtais
  • Bonneagar luchtaithe a leathnú
  • Muinín cheannaitheoirí ag méadú as iontaofacht feithiclí leictreacha agus costais reatha.

I gcás go leor tiománaithe, ní mheastar a thuilleadh gur rogha as an gnáthach é feithicil leictreach, is rogha comónta anois é.

 

Aistriú Sofheicthe ar Bhóithre na hÉireann

Agus ag fágáil uimhreacha ar leataobh, is léir go bhfuil an t-athrú ag éirí an-feiceálach.

Léiríonn an méadú atá ag teacht ar líon na bplátaí clárúcháin glasa cé chomh tapa agus atá flít feithiclí na hÉireann ag athrú. Measadh go raibh sé luath chun glacadh le carranna leictreacha tráth ach anois glacann tiománaithe leo mar gnáth rogha, ó thaistealaí aonair, go teaghlaigh go gnólachtaí beaga.

De réir mar a thagann feabhas ar an mbonneagar agus de réir mar a thagann leathnú ar réimse leictreacha na ndéantúsóirí, tá an cuma ar an scéal go mbeidh 2026 ina bhliain shuntasach eile in aistriú na hÉireann i dtreo iompar níos glaine.

Cuireadh an chéad táscaire ar fáil i mí Eanáir, ach is léir gur scéal níos leithne atá ann: cur síos ar chlaochlú leanúnach.