Skip to main content
21.06.25

Ón gcéad luchtú go muinín laethúil, leideanna ó thiománaithe EV na hÉireann

Is féidir go mbraitheann an t-aistriú chuig feithicil leictreach (EV) mar chéim mhór. An leor an raon? An bhfuil an luchtú casta? Cad faoin gcostas?

Labhraíomar le grúpa tiománaithe feithiclí leictreacha ar fud na hÉireann, chun dearcadh ón dtaobh istigh a fháil. Dheimhnigh siad, cé go bhfuil ceisteanna mar seo coitianta, gurb é fírinne an scéil go bhfuil an saol le feithiclí leictreacha i bhfad níos éasca agus i bhfad níos luachmhaire ná mar a bheifeá ag súil leis.

image of an electric vehicle charging

Coigilteas costas a dhéanann beagán mórán

Ceann de na príomhchúiseanna ar athraigh na tiománaithe a labhair muid leo ná an coigilteas. Tá sé i bhfad níos inacmhainne luchtú sa bhaile, go háirithe san oíche ar tharaifí níos saoire, ná líonadh ag an gcaidéal. Deir go leor tiománaithe a bhfuil painéil ghréine acu go bhfaigheann siad níos mó luacha fós trína gcuid carranna a luchtú go díreach óna bhfuinneamh féin. Tá seirbhísiú níos saoire freisin, le níos lú páirteanna gluaisteacha le cothabháil agus costais i bhfad níos intuartha. 

 

Tá luchtú níos éasca ná mar a cheapann tú

Roimh cheannach, bhí imní ar go leor de na tiománaithe ar labhraíomar leo faoi “imní raoin”. Ach chomh luath agus a d’athraigh siad, thuig formhór acu go tapa nárbh fhada gur tháinig an luchtú go nádúrtha. Bíonn formhór acu plugáilte isteach sa bhaile thar oíche, mar sin bíonn an carr réidh le dul gach maidin. Úsáideann cuid acu luchtú san ionad oibre freisin, agus úsáidtear luchtú poiblí den chuid is mó le haghaidh turais níos faide. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-oireann an luchtú do do ghnáthamh, ní hé an trioblóid a raibh eagla orthu roimhe sin é.

 

An ruaig a chur ar na miotais

Cloiseann úinéirí feithiclí leictreacha neart miotas fós ó chairde agus ón dteaghlach, ó “ní mhairfidh an ceallra ach trí bliana” go “bíonn na gluaisteáin sin ag dul trí thine an t-am ar fad.” Is mór idir na ráitis sin agus an fhírinne. I ndáiríre, dúirt tiománaithe go raibh na gaolta sin a bhí  amhrasach sásta glacadh le síob nuair a chonaic siad cé chomh socair agus ciúin agus a bhí an turas. 

 

Eispéaras Tiomána níos fearr

Deir go leor tiománaithe gurb é a bhfeithicil leictreach an carr is fearr a bhí acu riamh. Cuireann an luasghéarú meandrach, an tiomáint chiúin, agus an stíl tiomána suaimhneach le heispéireas níos fearr a chruthú. 

 

Chomh luath agus a athraíonn tú, ní bheidh fonn ort dul ar ais

B’fhéidir gurbh é an moladh is láidre a fuaireamar faoi fheithiclí leictreacha ná nach bhfillfeadh formhór na n-úinéirí ar ghluaisteán peitril ná díosail. Fiú iad siúd a thosaigh le gluaistéan hibrid inluchtaithe, deir siad anois go n-athróidís díreach chuig feithicil leictreach iomlán. Maidir le tiománaithe a dhéanann míleáiste ard, ciallaíonn pleanáil chúramach go mbíonn turais tras-tíre saor ó strus. Nuair a dhéantar an t-athrú, níl aon dul siar ann. 

 

Réidh chun an t-athrú a dhéanamh?

Dar leis na tiománaithe EV Éireannacha ar labhtaíomar leo, is mó na buntáistí ná na costais. Má tá tú ag smaoineamh ar an aistriú, féach ar ár n-acmhainní ar líne chun do thuras a dhéanamh níos éasca:

D’fhéadfá airgead a shábháil le do chéad charr, maraon le astaíochtaí a laghdú, agus an t-eispéireas tiomána a dhéanamh i bhfad níos taitneamhaí. Céard é an mhoill atá ort?

Want to know more?

Visit the dedicated support and schemes page to explore about the grants and incentives available for EV drivers.