Skip to main content
26.06.25

Plátaí Clárúcháin ‘Splancacha’ Glasa d’Fheithiclí Leictreacha á gcur i bhfeidhm an mhí seo chugainn

Go luath, le ‘splanc’ glas nua ar phlátaí clárúcháin, beidh sé níos éasca feithiclí nach n-astaíonn aon astaíochtaí CO2 ar bhóithre na hÉireann a aithint. Ó mhí Iúil ar aghaidh, beidh na plátaí ‘splanc’ glasa ar fáil do gach feithicil leictreach incháilithe, idir nua agus iad sin atá ann cheana féin. Beidh an pláta nua mar an gcéanna le plátaí clárúcháin reatha na hÉireann ach le stríoc ingearach glas curtha leis.

Minister O'Brien and Brian Cooke from SIMI

Dheimhnigh an tAire Iompair, Darragh O’Brien, inniu go dtosófar ar rolladh amach na bplátaí nua sna seachtainí amach romhainn, tar éis na hullmhúchán deiridh. Tá an ‘splanc’ glas deartha chun infheictheacht a thabhairt d’fheithiclí nach n-astaíonn aon astaíochtaí CO2, rud a thacaíonn leis an aistriú chuig iompar níos glaine agus níos glaise ar fud na tíre.

Agus é ag deimhniú an rolladh amach, dúirt an tAire Ó Brien: 

“Cuireann an tionscnamh seo le feiceálacht na bhfeithiclí leictreacha,rud a thugann bealach do dhaoine agus do ghnólachtaí a dtiomantas do thodhchaí iompair níos glaine a léiriú. Is céim bheag ach éifeachtach í agus bealach dúinn chun dul chun cinn ar an talamh a rianú agus chun an coincheap maidir le tiomáint gan astaíochtaí a normalú.” 

“Is cuid eile dár n-aistriú go leictreachas an splanc glas. I mbliana, leithdháilfear breis is €100 milliún chun tacú le glacadh le feithiclí leictreacha agus bonneagar a chur chun cinn, agus leanfar le tacaíochtaí agus dreasachtaí rialtais chun feithiclí leictreacha a dhéanamh níos inrochtana.”

Tá an pláta ‘splanc’ glas ar fáil do gach feithicil nach dtáirgeann aon astaíochtaí ag an sceithphíopa. Áirítear leis seo feithiclí leictreacha lán-cheallraí (BEVanna) agus, amach anseo, feithiclí breosla-chealla hidrigine. Is féidir an pláta nua a shocrú ar ghluaisteáin, veaineanna, gluaisrothair, trucailí agus busanna nach n-astaíonn aon astaíochtaí CO2.

Má tá feithicil leictreach nua á ceannach agat, is féidir le do dhíoltóir an pláta glas a sholáthar duit agus i gcás úinéirí le EV cheana féin, is féidir leat rogha a dhéanamh do phlátaí reatha a athfheistiú leis an ‘splanc’ glas trí sholáthraithe plátaí clárúcháin.

Tá Éire anois, i gcomhar le tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe, na Gearmáine agus na hIorua, ag tabhairt isteach plátaí ar leith d’fheithiclí leictreacha. Tá na haitheantóirí seo ag éirí coitianta mar bhealach chun aird a tharraingt ar láithreacht feithiclí saor ó astaíochtaí ar na bóithre.

Cabhróidh na plátaí clárúcháin nua le feasacht a mhúscailt faoin ngnáthnós sochaíoch atá ag athrú de réir mar a bhogann níos mó daoine ó fheithiclí truaillithe i dtreo roghanna malartacha saor ó astaíochtaí. Cuirfidh plátaí clárúcháin ‘splancacha’ glasa ar chumas tomhaltóirí a rogha ar táirge glas a léiriú - léiríonn taighde gur féidir tionchar dearfach a bheith aige seo ar thoilteanas daoine eile infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí níos inbhuanaithe.

D’oibrigh an Roinn Airgeadais agus na Coimisinéirí Ioncaim go dlúth le Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI)/an Roinn Iompair maidir le tabhairt isteach na bplátaí nua.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe: 

"Tá áthas orainn tacú le cur i bhfeidhm plátaí glasa ‘splancacha’ d’fheithiclí nach n-astaíonn aon astaíochtaí CO2. Is marcóir amhairc simplí é, ach ceann a léiríonn an t-athrú atá ag fás i smaointeoireacht daoine faoi iompar. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a chinntiú go bhfuil na córais chlárúcháin uile ailínithe le haghaidh rolladh amach réidh."

Chun tacú leis an tionscal, tá Cumann Thionscal Mótar na hÉireann (SIMI) tar éis comhoibriú le ZEVI/An Roinn Iompair chun tacú le cur i bhfeidhm an phláta clárúcháin nua.

Dúirt Ard-Stiúrthóir SIMI, Brian Cooke: “Beidh an ‘splanc’ glas nua ar phlátaí clárúcháin na bhfeithiclí leictreacha le feiceáil ag an am céanna le tús thréimhse díolacháin 252 an tionscail. Glacann an tionscal go fonnmhar leis an méadú seo ar chur chun cinn feithiclí leictreacha ceallraí agus a n-infheictheacht fheabhsaithe. Leis an méadú dearfach ar dhíolacháin feithiclí leictreacha ceallraí ó thús na bliana, in éineacht le mí Iúil a bheith ar an dara mí is airde le haghaidh díolacháin gluaisteán nua, táimid ag súil go mbeidh  feithiclí leictreacha a bhfuil na plátaí ‘splanc’ glasa orthu  le feiceáil go luath ar ár mbóithre.”

Is rud roghnach é na plátaí clárúcháin ‘splancacha’ glasa agus baineann siad le gach feithicil lánleictreach, lena n-áirítear gluaisteáin, veaineanna, gluaisrothair agus trucailí.