Tá Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt ag Bogadh ar Aghaidh le Creat Soláthair Nua
Tá cloch mhíle mhór bainte amach ag Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt leis an bunú creat soláthair chun tacú le luchtairí feithiclí leictreacha (EV) a shuiteáil ag clubanna spóirt ar fud oileán na hÉireann.

Tar éis próiseas cuimsitheach tairisceana, roghnaíodh ePower, Weev agus EasyGo chun réitithe mear-luchtú feithiclí leictreacha a sholáthar d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann araon.
“Is céim thábhachtach é seo chun luchtú feithiclí leictreacha a dhéanamh níos inrochtana i suíomhanna pobail agus chun tacú leis an aistriú chuig iompar níos glaine. Léiríonn sé an chaoi a bhfuil tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ag tacú le gníomhú praiticiúil ar son na haeráide faoi stiúir an phobail.
“Tugann an scéim seo fíorthairbhe phraiticiúil do phobail ar fud an oileáin, agus ag an am céanna tacaíonn sí le spriocanna aeráide níos leithne. Trí luchtú feithiclí leictreacha a chur ar fáil i ngnáth áiteanna ceann scríbe amhail clubanna spóirt, cuirtear le feithiclí leictreacha a dhéanamh níos inmharthana agus níos infheicthe.”
An tAire Iompair Darragh O’Brien
“Siad na clubanna spóirt croílár bhailte agus shráidbhailte na tíre, agus trí luchtú feithiclí leictreacha a thabhairt chuig na hionad sin, ní amháin go bhfuil an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha á spreagadh, ach táimid freisin ag infheistiú in oileán atá níos nasctha agus níos glaise do chách.”
An tAire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe Jerry Buttimer
Cuireann bunú an chreata soláthair seo ar chumas clubanna spóirt áitiúla ar fud na hÉireann oibriú go díreach le hOibreoirí Pointe Muirir ceadaithe chun luchtairí feithiclí leictreacha a phleanáil agus a shuiteáil ag a n-áiseanna. Leis an gcreat, beidh sé níos éasca do chlubanna sholáthraithe iontaofa a aimsiú agus cinnteofar go suiteálfar bonneagar atá ar ardcháilíocht agus comhsheasmhach ar fud an oileáin.
Tá Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt á maoiniú trí Chiste Oileán Comhroinnte an Rialtais agus á riar ag Pobal, ag obair i gcomhpháirtíocht le ZEVI.
Fógrófar tuilleadh eolais faoi na hamlínte seachadta agus na chéad chéimeanna eile do na Clubanna Spóirt incháilithe sna seachtainí amach romhainn.