Skip to main content
25.06.25

Ag smaoineamh ar do chéad carr eile? D’fhéadfadh feithicil leictreach a bheith ina rogha chliste

Má tá sé i gceist agat do charr a athrú i rith na bliana seo chugainn, níl tú i d'aonar. Léiríonn taighde nua ar cheannaitheoirí gluaisteán Éireannacha go bhfuil go leor díobh ag teacht go dtí an pointe ina bhfuil costais chothabhála ar fheithiclí níos sine ag méadú agus go mbraitheann siad  gurb é seo an t- am le haghaidh athraithe. Ach maidir le feithiclí leictreacha (EVanna), tá leisce fós ann.

image of an electric vehicle charging in a driveway

Labhraíomar le grúpa ceannaitheoirí gluaisteán ionchasacha ó ar fud na hÉireann, le cloisteáil cad atá á rá acu agus cén fáth a bhféadfadh sé a bheith níos éasca ná mar a cheapfá dul le carr leictreach. 

 

An brú chun athraithe

I gcás fhormhór na gceannaitheoirí, ní hiad na giuirléidí ná stíl atá á mealladh ach costas agus iontaofacht. Le gluaisteáin níos sine tagannbillí seirbhíse níos airde, NCTanna teipthe, agus strus miondealuithe dothuartha. Mar a dúirt rannpháirtí amháin: “Sroicheann sé pointe claochlaithe, níl ann ach airgead ar bharr níos mó airgid.” Seo go díreach an áit ar féidir le feithiclí leictreacha teacht isteach. Le costais reatha níos ísle, seirbhísiú níos saoire, agus níos lú páirteanna gluaisteacha tá siad níos éasca agus níos inacmhainne a bheith agat san fhadtréimhse. 

 

Luchtú agus Raon

Is minic a bhíonn imní ar cheannaitheoirí faoi lóistíocht luchtaithe: an mbeidh dóthain luchtairí ann, agus an mbeidh siad tapa go leor? I ndáiríre, luchtaíonn formhór úinéirí feithiclí leictreacha sa bhaile, rud a chiallaíonn go bhfuil a ngluaisteán réidh le húsáid gach maidin. I gcás turais níos faide, tá líonra luchtaithe na hÉireann ag leathnú agus le raonta 400km nó níos mó ar fheithiclí leictreacha nua go minic, tá tiomáint tras-tíre éirithe níos coitianta mar ghnáthamh. 

 

Faitíos roimh na Teicneolaíochta

Tá imní ar chuid de na ceannaitheoirí ionchasacha ar labhair muid leo faoi “cheannach ró-luath” agus iad fágtha le teicneolaíocht imithe as dáta. Ach cosúil le fóin chliste, tá feabhas i gcónaí ag teacht ar theicneolaíocht feithiclí leictreacha, agus déantar samhlacha níos nuaí a dhearadh le nuashonruithe bogearraí chun iad a choinneáil cothrom le dáta. Tá suaimhneas intinne le fáil tríd branda dea-cháil a roghnú le clúdach barántais láidir. 

 

An Margadh Athláimhe

Chuir roinnt ceannaitheoirí ionchasacha imní in iúl faoi dhíluacháil agus cibé an nglacfaidh déileálaithe le feithiclí leictreacha mar thrádáil isteach. I ndáiríre, tá titim praghsanna na nua feithiclí leictreacha ag dul i bhfeidhm ar an margadh athláimhe agus de réir mar a mhéadaíonn an glacadh le feithiclí leictreacha, neartóidh an margadh athláimhe go nádúrtha. 

 

Cad is mian le Ceannaitheoirí a fheiceáil

Thaispeáin ​​an taighde freisin go samhlaíonn formhór na gceannaitheoirí ionchasacha iad féin i bhfeithicil leictreach sa deireadh, ach gur theastaigh uathu dearbhú a fháil maidir le raon, saolré ceallraí agus praiticiúlacht laethúil.

Luaigh go leor freisin go bhfuil tábhacht mhór ag baint le comhairle ó mheicnicigh áitiúla iontaofa, rud a leagann béim ar thábhacht na dtaithí sa saol réadúil. 

 

Cén fáth a d’fhéadfadh costas a bheith ort de bharr fanachta

B’fhéidir go mbraitheann sé sábháilte fanacht siar, ach is é fírinne an scéil go bhfuil feithiclí leictreacha níos saoire le rith cheana féin, níos fearr don chomhshaol, agus níos inrochtana. Tá riosca ann go mbeidh billí cothabhála níos airde, costais bhreosla dothuartha agus níos mó astaíochtaí ag baint le gach bliain a chaitear i ngluaisteán peitril nó díosail. I gcás go leor tiománaithe Éireannacha, is é an rogha airgeadais agus comhshaoil ​​is cliste ná an t-athrú a dhéanamh níos luaithe seachas níos déanaí. 

 

Réidh chun an t-athrú a dhéanamh?