Fógraíonn an tAire O’Brien scéim eSPSV a thacaíonn le hoibreoirí tacsaí, hacnaithe agus limisíní chun aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha
Dheimhnigh an tAire Iompair Darragh O’Brien inniu go n-osclófar an Scéim Deontais 2026 do Bheagfheithiclí Leictreacha san Earnáil Phoiblí (eSPSV), le haghaidh iarratas Dé Céadaoin, an 25 Feabhra.
Tá maoiniú €7 milliún ceadaithe do Scéim 2026, rud a dheanann athdhearbhú ar thiomantas an Rialtais chun tacú le hoibreoirí SPSV an t-aistriú chuig feithiclí leictreacha a dhéanamh. Tá an infheistíocht leanúnach seo ar cheann de na dreasachtaí feithiclí leictreacha spriocdhírithe is mó ariamh le haghaidh beagfheithiclí san earnáil phoiblí.
“Leis an Scéim eSPSV, leantar de thacaíocht cheart a thabhairt dóibh siúd a choinníonn ár ngréasán iompair phoiblí ag gluaiseacht gach lá. Agus €7 milliún geallta do 2026, táimid ag leanúint ar aghaidh le ceann de na cláir aistrithe feithiclí leictreacha is mó tionchar sa tír. Áirithítear leis an infheistíocht sin gur féidir le hoibreoirí tacsaí, hacnaithe agus limisíní uasghrádú go dtí feithiclí atá níos glaine agus níos éifeachtúla, rud a rachaidh chun tairbhe do thiománaithe, do phaisinéirí agus don chomhshaol araon.’
An tAire Iompair Darragh O’Brien
Beidh deontais ar fáil go leanúnach d’oibreoirí incháilithe tacsaí, hacnaithe agus limisíní, rud a fhágfaidh go mbeidh ceannach feithiclí leictreacha níos inacmhainne agus níos praiticiúla.
Áirítear an méid seo a leanas sa scéim:
• Uasmhéid de €7,500 chun beagfheithicil ceallra-leictreach earnáíl phoiblí nua a cheannach
• Uasmhéid de €17,500 ar fáil d'oibreoirí a cheannaíonn beagfheithicil ceallra-leictreach earnáil phoiblí nua, agus a scriosann feithicil ardtruaillithe níos sine mar chuid den aistriú
• Uasmhéid de €25,000 le haghaidh SPSV nua atá inrochtana do chathaoireacha rothaí leictreacha.
Léirítear sna deontais leanúnacha seo go bhfuil an t-éileamh ann i gcónaí laistigh den earnáil phoiblí agus, freisin, tiomantas an Rialtais chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha earnáil phoiblí ar fud na tíre.
Ó bunaíodh é in 2018, chuidigh an scéim eSPSV leis na mílte oibreoirí tacsaí, hacnaithe agus limisíní an t-aistriú a dhéanamh chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Leithdháileadh os cionn €65 mhilliún go dtí seo chun cabhrú le breis agus 3,600 oibreoir eSPSV bogadh ó fheithiclí breosla iontaise go feithiclí leictreacha, rud a chuidíonn le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú ar fud chathracha agus bhailte na hÉireann.
Cad a fhios níos mó
Foilseofar sonraí iomlána maidir le hincháilitheacht, babhtaí iarratais agus conas iarratas a dhéanamh ag https://www.nationaltransport.ie/taxi/forms-and-guides/