2025: Bliain lán de chlochmhílte agus EVanna ag dul ó neart go neart in Éirinn
Agus 2025 ag druidim chun deiridh, is fiú machnaimh a dhéanamh ar na garspriocanna a baineadh amach agus muintir na hÉireann ar an aistear chun aistaíochtaí nialasacha a bhaint amach.
A bhuí le tacaíocht ón duine aonair, ó ghnólachtaí agus ón bpobal ar fud na tíre, tá feithiclí leictreacha ag éirí níos coitianta sa gnáthshaol i ngach cearn den tír.
Chun cuid de na héachtaí a chuir ós bhur gcomhair, tugtar sonraí anseo ar chuid de na príomhthionscnaimh a tharla le 12 mhí anuas.
Feithiclí & Dreasachtaí
Sprioc an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide do 2025 sáraithe
I mbliana, sáraíodh sprioc an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide do 2025, agus tá os cionn 200,000 feithicil leictreach cláraithe anois ar bhóithre na hÉireann. Sháraigh sé sin an sprioc tosaigh de 195,000 faoi dheireadh 2025 agus léiríonn sé seo an méadú atá tagaithe ar an éileamh ar fheithiclí leictreacha in Éirinn.
Léigh an t-alt iomlán: Cloch Mhíle Shuntasach Sroichte ag Éirinn san aistriú go Feithiclí Leictreacha le 195,000 Feithicil Leictreach anois ar Bhóithre na hÉireann | Zero Emission Vehicles Ireland
Plátaí clárúcháin ‘splanc’ glas á gcur amach
Ó mhí Iúil 2025 ar aghaidh, tá feithiclí ceallra-leictreacha (BEVanna) nua agus feithiclí ceallra-leictreacha atá ann cheana féin incháilithe don bpláta clárúcháin nua le stríoc-ingearach glas. Is bealach simplí ach éifeachtach é an ‘splanc’ glas chun aird a tharraingt ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha ar an mbóthar agus chun úinéireacht feithiclí leictreacha a léiriú.
Léigh an t-alt iomlán: Plátaí Clárúcháin ‘Splancacha’ Glasa d’Fheithiclí Leictreacha á gcur i bhfeidhm an mhí seo chugainn | Zero Emission Vehicles Ireland
Tacú leis an aistriú in earnáil na bhfeithiclí seirbhíse poiblí
Chuir líon níos mó ná riamh isteach ar an scéim deontais 2025 le haghaidh tacsaithe, haicéirí agus limisíní (eSPSV25), rud a léiríonn an spéis mhór atá ag lucht tionscal beag na bhfeithiclí seirbhíse poiblí in Éirinn san aistriú chuig feithiclí leictreacha.
Léigh an t-alt iomlán: Freagra Thar na Bearta ar an Scéim Deontais EV do thacsaithe, do hacnaithe agus do limisíní | Zero Emission Vehicles Ireland
Seoladh Scéim Chatagóir L
I mí Feabhra, seoladh scéim deontais chatagóir L do ghluaisrothair leictreacha – tionscnaimh spriocdhírithe a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil chun gluaisrothair leictreacha nua a cheannach. Tá an tionscnamh seo mar chuid de shraith deontas chun feithiclí ceallra-leictreacha (BEVanna) a cheannach, lena n-áirítear freisin M1 (gluaisteáin paisinéirí), N1S (feithiclí tráchtála éadroma), N1L (veaineanna móra painéil) agus Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha.
Léigh an t-alt iomlán: Scéim Deontais chun Feithicil Leictreach a Cheannach | Zero Emission Vehicles Ireland
Ag tréaslú le Seaimpíní Feithiclí Leictreacha.
Bronnadh Díoltóir na Bliana 2025 ar gharáiste Mhuintir Doyle i mBaile na Cúirte i mbliana, ag tabhairt aitheantais don obair atá déanta acu ag cur feithiclí leictreacha chun cinn. Is aitheantas é an dámhachtain seo ar a dtiomantas i dtaobh díolacháin feithiclí leictreacha, freastal ar chustaiméirí agus eolas ar fheithiclí leictreacha a mhéadú agus léiríonn sé an chaoi a bhfuil ról ríthábhachtach ag díotóirí san aistriú chuig feithiclí leictreacha in Éirinn.
Léigh an t-alt iomlán: Doyles Garage Courtown, Co Wexford has been named the National Winner of the Awards | Zero Emission Vehicles Ireland
Bonneagar & Tacaíochtaí
Breis agus 140 mol athluchtaithe ardchumhachta nua faofa.
In 2025, d’fhógair an tAire O’Brien dhá mhór-babhta de dheontais le haghaidh moil luchtaithe d’fheithiclí leictreacha faoin tionscnamh nua um Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV). I mí an Mheithimh, ceadaíodh 53 mhol nua athluchtaithe thapa agus shárthapa don ghréasáin bóithre náisiúnta, rud a chuir 175 phointe luchtaithe nua ar fáil.
Léigh an t-alt iomlán: 53 Moil Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha Nua ag Teacht chuig Bóithre na hÉireann | Zero Emission Vehicles Ireland
Ansin i mí Dheireadh Fómhair, ceadaíodh 90 mol eile roinnte idir 90 suíomh, ag seachadadh 192 luchtaire ardchumhachta breise (circa 250 kW). Is é sin an mhórchéim dheiridh den tionscnamh LDV agus cuireann sé feabhas suntasach ar chumhdach luchtaithe náisiúnta.
Léigh an t-alt iomlán: 90 Mol Athluchtaithe Nua d’Fheithiclí Leictreacha ag teacht chuig bóithre ar fud na hÉireann | Zero Emission Vehicles Ireland
Luchtairí feithiclí leictreacha á rolladh amach sa phobal
Le cabhair ón Scéim Luchtaire Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt, bunaíodh creat soláthair chun luchtairí feithiclí leictreacha a shuíomh i gclubanna spóirt ar fud na hÉireann, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca feithiclí leictreacha a luchtú i suíomhanna pobail, ag tacú le spórt an phobail, agus ag leabú bonneagar feithiclí leictreacha in gnáth áiteanna.
Léigh an t-alt iomlán: Tá Scéim Luchtaithe Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt ag Bogadh ar Aghaidh le Creat Soláthair Nua | Zero Emission Vehicles Ireland
I mí Aibreáin, d’fhógair an tAire O’Brien foilsiú deiridh an Phlean Líonra Luchtaithe Réigiúnach agus Áitiúil d’Fheithiclí Leictreacha, tar éis comhairliúchán poiblí. Is é an Plean Réigiúnach agus Áitiúil an dara cuid den Phlean Náisiúnta um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, tar éis bailchríoch a bheith curtha ar an bPlean um Líonra Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an nGréasán Naisiúnta Bóithre i mí na Bealtaine 2024.
Léigh an t-alt iomlán: Nochtann an tAire O’Brien an Plean Deiridh chun Luchtú d’Fheithiclí Leictreacha (EV) a leathnú ar fud na hÉireann | Zero Emission Vehicles Ireland
Tacú le hiompair níos troime agus flíteanna gnó
D’fhógair Darragh O’Brien leathnú ar dheontas atá á riar ag Bonneagar Iompair Éireann (TII), a chuireann deontas ar fáil do ghnólachtaí chun feithiclí tromshaothair leictreacha a cheannach, agus freisin chun bonneagar luchtaithe a chuir isteach in ionaid iostaí agus lóistíochta, rud a chuidíonn le hiompar lasta agus tráchtála a dhícharbónú.
Léigh an t-alt iomlán: Leathnú Breise ar Bhonneagar feithiclí leictreacha chomh maith le Tacaíochtaí Gnó ar mhaithe le Todhchaí Astaíochtaí Nialasacha fógartha ag an Aire O’Brien | Zero Emission Vehicles Ireland
Cén tábhacht atá le seo?
Léiriodh in 2025 go bhfuil aistriú chuig feithiclí leictreacha ag tarlú n Éirinn go fíor agus go bhfuil an líon ag fás i gcónaí. Le níos mó ná 200,000 feithicil leictreach ar an mbóthar anois agus obair ar siúl chun an líonra náisiúnta de mhoil mearluchtaithe a leathadh amach ar na mótarbhealaí, bóithre tuaithe agus spásanna pobail, tá feithiclí leictreacha ag éirí níos praiticiúile agus níos áisiúile agus is rogha coitianta níos inmharthana é diaidh ar ndiaidh.
Leagfaidh na plátaí glasa ‘splanc’ béim ar mhéadú líon na bhfeithiclí leictreacha; rachaidh deontais agus scéimeanna tacaíochta spriocdhírithe i ngleic le bacainní sa mhéadú seo léireoidh díoltóirí feithiclí agus oibreoirí feithiclí seirbhíse poiblí go bhfuil an t-éileamh ag dul i méid san iompar príobháideach agus tráchtála araon.
Ina theannta sin, mar gheall ar leathnú na scéime ZEHDV agus tabhairt isteach na scéimeanna Measúnaithe Cabhlaigh, tá iniúchadh tosnaithe in Éirinn ar conas is féidir iompar lasta, lóistíochta agus tromshaothair a dhícharbónú, rud atá ina chuid lárnach de straitéis níos leithne maidir le hastaíochtaí iompair a laghdú.
Ag féachaint ar aghaidh go dtí 2026
Straitéis nua Bonneagair d'Fheithiclí Leictreacha a chur i bhfeidhm in Éirinn (2026-2028)
Sa bhliain amach romhainn, foilseoidh ZEVI straitéis náisiúnta athnuaite ina leagfar amach an chéad chéim eile den rolladh amach ar luchtaithe feithiclí leictreacha in Éirinn agus cuirfear tús len é seo a chur i bhfeidhm. Leis an bplean nuashonraithe sin, cuirfear leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas agus cinnteofar go mbeidh an bonneagar luchtaithe ag coinneáil suas leis an ráta glacadh feithiclí leictreacha atá ag fás go tapa.
LDV1, LDV2 agus LDV3 a rolladh amach
Leanfar den obair ar luas na gclár luchtaithe d'Fheithiclí Saothair Éadrom (LDV) ag bogadh i dtreo seachadadh iomlán. Leis na tionscnaimh sin, leathnófar go mór infhaighteacht luchtaithe ardchumhachta ar an ngréasáin ar bóithair náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, rud a chruthóidh córas níos áisiúla agus níos iontaofa do thiománaithe ar fud na tíre.
Tosaíocht a thabhairt do leictriú Feithiclí Tromshaothair
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an bhflít feithiclí tromshaothair a leictriú, is dúshlán níos casta é feithiclí tromshaothair a dhícharbónú. Tá obair ar siúl agus cuirfear dlús lenár bhfócas in 2026, maidir le féachaint ar conas is féidir linn iompar lasta, lóistíochta agus tromshaothair a dhícharbónú,
Beidh Bonneagar Luchtaithe HDV ina phríomhchuid den Straitéis nua maidir le Bonneagar Feithiclí Leictreacha (2026-2028) agus meastar go bhfoilseofar tuarascáil conaire ón Meitheal um Leictriú HDV go luath in 2026.
Tionscadail Phíolótacha a rolladh amach
Tá clár píolótach bonneagair Muirir EV Údarás Áitiúil forbartha ag ZEVI sula bhforbróidh Údaráis Áitiúla a gcuid Straitéisí Bonneagair Luchtaithe EV go luath sa bhliain. Is é aidhm an chláir phíolótaigh seo eolas agus tuiscint a fhorbairt agus réitigh nuálacha a fhiosrú maidir le bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha na nÚdarás Áitiúil. Leanfar den obair chun 26 thionscadal phíolótacha a chur i bhfeidhm i 15 Údarás Áitiúil. Áirítear ar na píolótaí sin nuálaíochtaí nua i gcúrsaí athnuaite, i gcúltaca ceallraí, réitithe ‘taobh thiar den mhéadair’ agus íocaíochtaí solúbtha amhail Luchtú Comharsanachta lascainithe i rith uaireanta seachbuaice. Cuirfear na píolótaí seo i bhfeidhm i rith 2026 , ag teacht sna sáile ar an chéad phíolóta i gCeantar thiar na Gaillimhe níos luaithe sa bhliain.
Ag Iompú an Fhóid ar Clubanna Spóirt ar fud an Oileáin
Agus creataí soláthair i bhfeidhm anois, cuirfear tús le hoibreacha suiteála fisiciúla faoi Scéim Luchtaire Feithiclí Leictreacha an Oileáin Chomhroinnte do Chlubanna Spóirt in 2026. Cuirfidh Clubanna Spóirt ó gach cearn d'Éirinn, thuaidh agus theas, tús le luchtairí pobalbhunaithe a óstáil, rud a fhágfaidh go mbeidh luchtú feithiclí leictreacha ar fáil níos fairsinge i ngnáth áiteanna.
Ag tacú le tiománaithe, gnólachtaí agus oibreoirí flíteanna
Chomh maith le bonneagar a chuir, leanfaidh ZEVI orthu ag soláthair deontais, treoir agus tacaíocht a bhaineann go sonrach leis an tionscal, lena n-áirítear feithiclí tromshaothair agus oibreoirí flít, chun gur féidir le gach cuid d’Éirinn páirt a ghlacadh san aistriú chuig iompar astaíochtaí nialasacha.
Tacaíocht leanúnach
Ina theannta sin, cuirtear raon flaithiúil dreasachtaí ar bun chun tacú le haistriú tiománaithe chuig leictreachas, lena n-áirítear:
- Deontas ceannaigh le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha amhail M1 (gluaisteáin paisinéirí), N1S (feithiclí tráchtála éadroma), L1e-B (móipéidí), L3 (gluaisrothair), N1L (veaineanna móra painéil)
- Scéim luchtaithe baile
- Scéim luchtaithe árasán
- Faoiseamh cánach sochair chomhchineáil le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha
- Faoiseamh CCF suas le €5,000 le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha
- Mótarcháin bhliantúil ar Ráta Íseal
Achoimre
Trí bhonneagar luchtaithe na hÉireann a leathnú, tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh luchtairí ar fáil cibé áit a bhfuil siad de dhíth ar thiománaithe: mótarbhealaí, bailte, bóithre tuaithe, spásanna pobail, agus iostaí gnó.
Leanfaimid orainn ag tabhairt tacaíocht do theaghlaigh agus do shaoránaigh chun aistriú chuig leictreachas agus coinneoidh muid orainn ag cur eolas ar fáil maidir le costais, tairbhí agus fíorluach feithiclí leictreacha, lena n-áirítear tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus cáilíochta saoil amhail aer níos glaine, sráideanna níos ciúine agus costais reatha níos ísle.
Táimid tiomanta i gcónaí don fhís de chóras iompair atá inbhuanaithe, inrochtana agus oiriúnach do na glúine atá le teacht a bhaint amach.
Buíochas
Gabhaimíd buíochas le gach tiománaí, oibreoir, gnólacht, grúpa pobail, údarás áitiúil agus páirtí leasmhar as an obair a rinne siad i rith 2025 chun bliain chinniúnach d'fheithiclí leictreacha in Éirinn a bhaint amach.
Tá do roghannasa, do thacaíochtsa agus do dhíograise ag athrú an tslí a mbogaimid timpell.
I dteannta a chéile, táimid ag cur Éire chun cinn; Éire atá níos glaine, níos glaise agus réidh don todhchaí.
Beannacht leat ó fhoireann ZEVI , ag súil go bhfeice muid bliain fiúntach eile amach romhainn.